Thíos Cois Na trá Dom
Ag siúl cois na trá dom i ndoimhneacht na hoíche
An saol mór na gcodladh agus mise liom féin,
Na héanacha maraag scairtigh go léanmhar,
Cosúil le hanamnacha bochta i bpéin.
Thíos fán chladach tá na bádaí ar feistiú,
Ar snámh mar bheadh ealaí ar bharr na dtonn
An t-uiscee ag slioparnaigh thart fána dtaobhann'
'S iad ag bogadh sa chiúnas anall a's anonn.
Iomlán gealaí agus iomlán rabhartu,
Toibhneas a's ciúnas a's áilleacht sa domhan,
Crónán na farraige 'dul siar i mo chluasa
A's bogcheol an uisce ag sileadh san abhainn
Istigh ar na hinseáin tá seanreilig bheannaithe,
An áit ar mhair naoimh insan aimsir fadó,
Tá daoine istigh ann a chaith seal go haerach
Ach ní shiúlfaidh siad thart fá na cladaigh níos mó.
Bhuail uaigeas n' intinn 's mé ag amharc aran reilig,
Mé ag meabhrú ar dhaoine a bhí istigh ina luí,
Fir a's mná óga, seandaoine a's páistí,
Muintir mo mhuintir agus cairde mo chroí.
Tá na coiligh ag glaoch 's tá na réalla a' bánú,
Tá an ghealach ina luí agus ní fada go lá
Slán agat anois a sheanreilig bheannaithe
Agus ag na daoine a shiúladh liom thart cois na trá.