Tá Mé I Mo Shuí
Tá mé i mo shuí ó d'éirigh an ghealach aréir,
Ag cur tine síos go buan is á fadú go géar:
Tá bunadh an tí ina luí is tá mise liom féin,
Tá na coiligh ag glaoch is tá an saol ina gcodladh ach mé.
'Scheacht mh'anam déag, do bhéal, do mhalaí is do ghrua,
Do shúil ghorm ghlé faoinar thréig mise aiteas is suairc;
Le cumha i do dhiaidh ní léir dom an bealach a shiúl,
Is a chara mo chléibh, tá an saol ag dul idir mé is tú.
'S é deir lucht léinn gur cloíte an galar an grá.
Char admhaigh mé féin é go ndearna sé mo chroí istigh a chrá;
Aicíd ró-ghéar go géar trí cheartlár mo chroí.
Chuir sí arraing is céad go géar trí cheartlár mo chroí.
Casadh bean sí dom thíos ag Lios Bhéall an �tha,
D'fhiafraigh mé díthe an scaoilfeadh glas ar bith grá;
Labhair sí os íseal i mbriathra soineanta sámha,
"An grá a théid fan chroí, cha scaoiltear as é go brach."