Jimmy Mo Mhíle Stór
Bliain an taca seo d'imigh uaim rún mo chléibh.
Ní thiocfaidh sé abhaile go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil.
Nuair a chífead é rithfead le fuinneamh ró-ard ina chomhair
Agus chlúdód le mil é, is é Jimmy mo mhíle stór.
Bíonn mo mháthair is m'athair ag bearradh is ag bruíon liom féin.
Táim giobaithe, piocaithe, ciapaithe, cráite de m' shaol.
Thugas taitneamh don duine úd dob 'fhinne is dob áille snó
Agus chuagh sé ar bord loinge, is é Jimmy mo mhíle stór.
Rachadsa chun coille agus caithfead ann an chuid eile de m' shaol
San áit ná beidh éinne, ag éisteacht le ceol na n-éan,
Ag bun an chrainn chaorthainn mar a bhfásann ann féar go leor
Ag tabhairt taitnimh don duine úd, is é Jimmy mo mhíle stór.