Is Fada Liom Uaim Í
Is fada liom uaim í ar uaigneas gach baile a mbíonn sí,
Is le gach ógánach suairc a ghluaisfeadh in aice na dí.
Dá dtigfeása anuas ar chuairt fá bharra na gcraobh
Le gairm na gcuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi.
A Mhalaidh, a chéad searc, ná tréig thusa mise go brách
Go bhfuil mé i do dhiaidh gach aon lá fá mhullaigh na n-ard;
Is tú cruithneacht ar mhná Éireann, is tú b'fhéile dar ghlac ariamh lámh
Is dar mionna mo bhéil, ní bréag a bhfuil mé is tú á rá.
Is a Mhalaidh mo ró-ghrá tá an t-órfholt snoite glan réidh,
Cum cailce tá ró-dheas a chuirfeadh bbród ar fhearaibh an tsaoil,
Béilín meala mar na rósaí, súil mhódhmhar ghorm gan claon,
Is i gcoillí ag baint chnónna, 's é mo bhrón gan Malaidh agus mé