Inis Dhún Rámha
'Rí na cruinne, gan mé is tú in Iorras
Nó thiar in Inis Dhún Rámgha
Ar bhruach na Finne le taobh na toinne
Ag féachaint loingis thar sáile.
Dá mhéid ár dtuirse is gan aon neach againn
Ach géagán duilliúir ár sábháil
Is é déarfadh gach duine gur lách ár n-imeacht
Mar d'éalaigh Diarmaid le Gréinne.
Aréir go bhfaca mé féin i m'aisling
Mar bheadh sí ar bhacán mo láimhe
An Spéirbhean mhaiseach mar aon bhrat sneachta
Dá mbíodh gan cchoscairt a dhéanamh.
Taobh na macna dá mbíodh i m'aice
Mar chéile leapa gan áirnéis
Is é a béilín meala a leigheasfadh mo ghalar
Is bhéarfadh mo cholann chun sláinte.
Dá mbínn i mo bharún ní dhéanfainn dabhar
Ar spré bó, capall nó caorach
Dá bhfaighinnse an ainnir ina suí i m'aice
Nó í ina seasamh go haerach.
Tá gné ar a craiceann míle uair níos taitneamhaí
Ná éirí mhaiseach na gréine
Is ní bréag a chanaim ach is fíor a n-abraim
Gurab í thug maise ar gach maighdean.