I nGarran na Bhile
A raibh tú riamh i nGarrán a' Bhile?
Nó an bhfaca tú í i nGarrán a' Bhile,
An tsuairc-bhean óg na gcuacha n-óir?
Sí Cáit mo stór i nGarrán a' Bhile.
Is gile í 'ná eala ar linn,
'S 'ná sneachta ar bharr na craoibhe cruinne,
'S mílse a póg 'ná drucht ar rós;
Sí Cáit mo stór i nGarrán a' Bhile.
Is binne a ceol 'ná lon 's 'ná smól,
A's 'ná philemeol ar chraoibhe na saile;
Mar loing faoi sheol ar thoinn gan cheo;
'Sea chím-se mo stór i nGarrán a' Bhile.
Tr. J. Mark Sugars 2000
Were you ever in Garnavilla,
Or did you see her in Garnavilla,
The cheerful young woman of the golden curls?
'Tis Kate, my treasure, in Garnavilla.
She is whiter than a swan on a lake
And than snow atop the round heather
Her kiss is sweeter than dew on a rose
'Tis Kate, my treasure, in Garnavilla.
Her music sounds sweeter than blackbird or thrush
And nightingale on a willow-tree branch
Like a ship under sail on sea without fog
Sure, I'm seeing my treasure in Garnavilla.