Coinleach Ghlas An Fhómair
Ar choinligh glais an fhómair, a stóirín, gur dhearc mé uaim.
Ba deas do chos i mbróig is ba ró-dheas do leagan siúil,
Do ghrua ar dhath na rósaí is do chuiríní bhí fite dlúth.
Monuar gan sinn �ár bpósadh nór ar bord loinge ag triall chun siúl.
Tá buachaillí na háite seo ag gártha is ag éirí teann
Is lucht na gcocán ard ag déanamh fárais do mo chailín donn.
Dá ngluaisfeadh Rí na Spáinne thar sáile is a shlóite cruinn,
Bhrúfainn féar is fásach is bheinn ar láimh le mo chailín donn.
Chuir mé litir scríofa ionsair mo sweetheart agus casaoid ghéar.
Chuir sí chugam ar�s í go raibh a croí istigh i lár mo chléibh.
Cum na heala is míne ná an síoda is ná clúmh na n-éan
Nach trom an osna nímse nuair a smaoiním ar a bheith ag scaradh léi.