Cailleach An Airgid
(chorus)
'S í do Mhaimeo í, 's í do Mhaimeo í,
'S í do Mhaimeo í cailleach an airgid
'S í do Mhaimeo í, ó Bhaile Inis Mhóir í,
'S chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre Cois Fharraige.
Dá bhfeicfeá an "steam" 'ghabhail siar Tóin Uí Loin',
'S na rothaí 'ghabhail timpeall siar ó na ceathrúnaí,
Chaithfeadh sí 'n stiúir naoi n-vair' ar a cúl,
' S ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid.
'S í do Mhaimeo í...
'Measann tú 'bpósfa', 'measann tú 'bpósfa',
'Measann tú 'bpósfa', cailleach an airgid?
Tá's a'm nach 'bpósfa', t�s's a'm nach 'bpósfa',
Mar tá sé ró-óg 'us d'ólfadh sé'm t-airgead.
'S í do Mhaimeo í...
'S gairid go 'bpósfaidh, 's gairid go 'bpósfaidh,
'S gairid go 'bpósfaidh, beirt ar an mbaile seo;
'S gairid go 'bpósfaidh, 's gairid go 'bpósfaidh,
Seán Shéamais Mhóir agus Máire Ní Chathasaigh.
'S í do Mhaimeo í...