An t-Oileán Úr
Rinne mé smaointiú i m'intinn agus lean mé dó go cinnte,
Go n-éalóinn ó mo mhuintir anonn chun 'Oileáin ùir.
Ó bhí mé ag déanamh impí ar an ArdRí os mo cheannsa,
Mo choinneáil ó gach tubaiste go gcríochnóinn mo shiúl.
Shiúl mé fiche míle is níor casadh orm Críostaí,
Capall, bó nó caora ag déanamh inghilt ar an fhéar,
Ach coillte dlútha is gleanntáin agus búirtheach beithigh allta,
Fir is mná gan tant orthu a chasfá fá do mhéar.
ach tharla isteach i dteach mé nuair a casadh orm daoine;
D'fhiafraigh siad mo ainmse is cén t�r inar tógadh mé.
Dúirt me leo i mBéarla gur tógadh mé in Éirinn,
Láimh le Loch Éirne i gCoillidh Lios na Raoch.
Bhí seanbhean insan chlúdaigh agus stocaí ar a glúiní,
D'éirigh sí go lúchaireach agus chraith sí liomsa láimh,
"Sheacht mh'anam, fear mo thíre, thar a bhfaca mé ariamh de dhaoine,
Tógadh mise in Éirinn i mBaile Lios Béal �tha."